Dréachtpholasaí Gaeilge

Share Dréachtpholasaí Gaeilge on Facebook Share Dréachtpholasaí Gaeilge on Twitter Share Dréachtpholasaí Gaeilge on Linkedin Email Dréachtpholasaí Gaeilge link

Maidir leis an dréachtpholasaí

Is í an aidhm atá leis an dréachtpholasaí seo ná a leagan amach cén dóigh a ndéanfaidh ár gcomhairle an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn ar fud ár gcuid seirbhísí. Áirítear leis seo ateangaireacht agus aistriúchán, cáipéisí agus foilseacháin bharrthábhachtacha, suíomh gréasáin na comhairle, comharthaíocht sna saoráidí againn agus ár bhféiniúlacht chorparáideach, lógó ár gcomhairle san áireamh.

Chomhaontaigh na baill tofa (comhairleoirí) na moltaí sa dréachtpholasaí seo i mí Aibreáin 2024, agus ba mhaith linn bhur dtuairimí a chloisteáil ar na moltaí sa pholasaí.

Cuirfear bhur n-aiseolas faoi bhráid na mball tofa ansin mar chuidiú leo comhaontú a dhéanamh faoi na chéad chéimeanna eile i dtreo bailchríoch a chur ar pholasaí Gaeilge.

Conas freagairt a dhéanamh

Beidh an suirbhé ar oscailt ón Déardaoin 22 Lúnasa go dtí meánoíche Déardaoin 28 Samhain.

Tig leat an suirbhé a chomhlánú ar líne, i nGaeilge nó i mBéarla.

Cinntigh le do thoil go mbeidh na cáipéisí a leanas léite agat sula ndéanfá freagairt ar an phróiseas comhairliúcháin:

- an dréachtpholasaí Gaeilge
-
an dréacht-Mheasúnú Tionchair Chomhionannais
-
dréacht-Mheasúnú Tionchair Riachtanas Tuaithe
-
cáipéis na gceisteanna coitianta

Tig leat ríomhphost a chur chugainn ag consult@belfastcity.gov.uk nó scríobh chugainn ag Comhairliúchán an Dréachtpholasaí Gaeilge, Seirbhísí Dlí agus Cathartha, Halla na Cathrach, BT1 5GS chun cóip a iarraidh den chomhairliúchán, nó freagairt a dhéanamh air, nó teacht chuig ceann de na seisiúin eolais phoiblí le do thuairimí a roinnt.

Ionad

Dáta

Sonraí

Clárú

Coláiste Ollscoile Naomh Muire

Déardaoin 5 Méan Fómhair 7in

Cruinniú i mBéarla agus ateangaire i láthair

Cláraigh anseo

Imeacht ar líne

Dé Céadaoin 2 Deireadh Fómhair 2in

Dé Máirt 8 Deireadh Fómhair 7in

An Droichead, Bóthar Ormeau

Dé Céadaoin 9 Deireadh Fómhair 6in

2 Ascaill Ríoga

Dé Céadaoin 30 Deireadh Fómhair 4in

Cláraigh roimh ré do na himeachtaí seo.

Clúdófar an t-ábhar céanna ag achan imeacht, mar sin ní gá duit freastal ar níos mó ná ceann amháin.

Cúlra an dréachtpholasaí

D'fhoilsigh an Chomhairle a céad Pholasaí Teanga in 2006. Léirigh sé seo tiomantas na Comhairle don Ghaeilge agus don Ultais a úsáid i gcomhfhreagras leis an phobal má roghnaíonn siad é sin a dhéanamh, le tacú le hoidhreacht agus traidisiúin na bpobal teanga éagsúla atá ina gcónaí sa chathair.

Mar thoradh air, bhí an pobal in ann:

  • comhfhreagras a dhéanamh leis an Chomhairle i nGaeilge;
  • ateangaire a iarraidh fá choinne cruinnithe beaga;
  • teachtaireacht a fhágáil ar sheirbhís ghuth-theachtaireachta Gaeilge;
  • leaganacha Gaeilge d’ainmneacha agus seoltaí s’acu a úsáid agus iad ag plé leis an Chomhairle.

Bhí baill tofa in ann Gaeilge a chur ar a gcuid stáiseanóireachta pearsanta. Bhíothas in ann gníomhartha áirithe eile a chur i bhfeidhm mar thoradh ar an pholasaí seo maidir le teangacha daoine nuathagtha agus saincheisteanna inrochtaineachta.

Thug an Chomhairle faoi deara an fás atá tagtha ar phobal na Gaeilge ón am sin agus an méadú dá réir ar an éileamh do sheirbhísí i nGaeilge.

Chomhaontaigh an chomhairle in 2018 go nglacfaí le Straitéis Teanga. Tá mar aidhm aici áit a chruthú ina ndéantar ceiliúradh agus ina léirítear meas ar éagsúlacht teanga, ina dtig leo siúd a chónaíonn i mBéal Feirste, a oibríonn ann agus a thugann cuairt air teacht ar a bhfuil ar fáil sa chathair le teanga ar a bhfuil cur amach acu agus lena mbíonn siad ar a gcompord.

Tá cúig mhír sa straitéis - Gaeilge, Ultais, pobail nua, teangacha comharthaíochta (Teanga Chomharthaíochta na Breataine agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann) agus modhanna cumarsáide do dhaoine faoi mhíchumais.

Beidh Plean Gníomhaíochta na Straitéise Teanga mar thaca chomh maith leis, ina leagtar amach cén dóigh a gcuirfear cuspóirí cúig mhír an Pholasaí Teanga i gcrích. Chomhaontaigh na baill tofa, nó na comhairleoirí é i Mí Bealtaine 2024.

Is é an dréachtpholasaí Gaeilge seo an chéad pholasaí a d'eascair as an Straitéis Teanga.

Déanfar tuilleadh polasaithe – a bhaineann leis na teangacha eile – a fhorbairt amach anseo.

  • Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i mbun comhairliúcháin ar dhréachtpholasaí Gaeilge.

    Is féidir leat do thuairimí a nochtadh agus aiseolas a thabhairt dúinn tríd an suirbhé thíos a líonadh isteach. Ní gá duit síniú isteach ná clárú leis an ardán Your Say Belfast le páirt a ghlacadh. Más úsáideoir thú atá cláraithe cheana féin, ní mór duit síniú amach as do chuntas le go mbeidh do fhreagra gan ainm. Tabhair do d’aire, má tá tú sínithe isteach in Your Say Belfast, gur féidir do sheoladh ríomhphoist agus do shonraí cláraithe a nascadh leis an suirbhé

    Fógra príobháideachais

    Take Survey
    Share Dréacht-Pholasaí Gaeilge - comhairliúchán on Facebook Share Dréacht-Pholasaí Gaeilge - comhairliúchán on Twitter Share Dréacht-Pholasaí Gaeilge - comhairliúchán on Linkedin Email Dréacht-Pholasaí Gaeilge - comhairliúchán link
Page last updated: 02 Sep 2024, 01:18 PM