Cad chuige a bhfuil Polasaí Gaeilge de dhíth ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste?

    D'fhoilsigh ár gComhairle a céad Pholasaí Teanga in 2006. Léirigh sé seo tiomantas na Comhairle don Ghaeilge agus don Ultais a úsáid i gcomhfhreagras leis an phobal má roghnaíonn siad é sin a dhéanamh, le tacú le hoidhreacht agus traidisiúin na bpobal teanga éagsúla atá ina gcónaí sa chathair.  

    Chomhaontaigh an Chomhairle in 2018 go nglacfaí le Straitéis Teanga. Tá mar aidhm aici áit a chruthú ina ndéantar ceiliúradh agus ina léirítear meas ar éagsúlacht teanga, ina dtig leo siúd a chónaíonn i mBéal Feirste, a oibríonn ann agus a thugann cuairt air teacht ar a bhfuil ar fáil sa chathair le teanga ar a bhfuil cur amach acu agus lena mbíonn siad ar a gcompord.

    Tá cúig mhír sa straitéis: 

      • Gaeilge, 
      • Ultais,
      • Pobail nua, 
      • Teangacha comharthaíochta (Teanga Chomharthaíochta na Breataine agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann) agus
      • Cumarsáid mhíchumais. 

    Beidh Plean Gníomhaíochta na Straitéise Teanga mar thaca chomh maith leis, ina leagtar amach cén dóigh a gcuirfear cuspóirí cúig mhír an Pholasaí Teanga i gcrích. Chomhaontaigh na baill tofa, nó na comhairleoirí é i Mí Bealtaine, 2024.

    Is é an dréachtpholasaí Gaeilge seo an chéad pholasaí a d'eascair as an Straitéis Teanga agus an Plean Gníomhaíochta. Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go ndéanfar tuilleadh polasaithe – a bhaineann leis na míreanna eile – a fhorbairt amach anseo.

    Is í an aidhm atá leis an dréachtpholasaí seo ná a leagan amach cén dóigh a ndéanfaidh ár gcomhairle an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn ar fud ár gcuid seirbhísí. Áirítear leis seo: 

      • ateangaireacht agus aistriúchán,
      • cáipéisí agus foilseacháin bharrthábhachtacha
      • suíomh gréasáin ár gcomhairle
      • comharthaí sna saoráidí againn agus eile. 

    Chomhaontaigh na baill tofa na moltaí sa dréachtpholasaí seo i mí Aibreáin 2024 agus anois ba mhaith linn bhur dtuairimí a chloisteáil.

    Cuirfear bhur n-aiseolas faoi bhráid na mball tofa ansin mar chuidiú leo comhaontú a dhéanamh faoi na chéad chéimeanna eile i dtreo bailchríoch a chur ar pholasaí Gaeilge.


    Cad iad na príomh-mholtaí sa dréachtpholasaí?

    Baineann na príomh-mholtaí sa dréachtpholasaí leis an dóigh a ndéanfaidh ár gcomhairle an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn ar fud ár gcuid seirbhísí. Áirítear leo:

    Cumarsáid 

    Tá réimse beartas á mholadh ag an Chomhairle maidir le cumarsáid, lena n-áirítear: 

    • cáipéisí straitéiseacha agus foilseacháin bharrthábhachtacha a chur ar fáil i nGaeilge,
    • glacadh le féiniúlacht chorparáideach nua dhátheangach (i nGaeilge agus i mBéarla ar aon), lena n-áirítear lógó corparáideach nua a bheidh mar lógó caighdeánach na comhairle ar fud na brandála corparáidí go léir,
    • suíomh gréasáin dátheangach (Gaeilge agus Béarla) a fhorbairt don Chomhairle
    • socruithe foirmiúla le haghaidh an Ghaeilge labhartha a úsáid i gcruinnithe na comhairle agus
    • seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin a chur ar fáil ar fud na comhairle.

    Tá na mionsonraí ar fad faoi na moltaí i dtaca le cumarsáid ar fáil in Ailt 14-21(External link) den dréachtpholasaí Gaeilge.
      

    Comharthaíocht

    Táimid á mholadh go nglacfaí le cur chuige dátheangach (Gaeilge agus Béarla) i leith na comharthaíochta inár gcuid saoráidí go léir. Déanfar é seo trí chur chuige catagóirithe mar atá leagtha amach in Aguisín 2(External link) leis an dréachtpholasaí.  

    Tá tuilleadh mionsonraithe faoi na moltaí i dtaca le comharthaíocht ar fáil in Ailt 22-26 (External link)den dréachtpholasaí, chomh maith le hAguisín 2. 

    Tá an cur chuige catagóirithe bunaithe ar leibhéil tosaíochta, ag tosú le saoráidí na Comhairle sna ceantair is mó ina mbíonn an Ghaeilge in úsáid. Tá sé seo bunaithe ar shonraí an Daonáirimh agus ar ghaireacht do scoil lán-Ghaeilge.

    Clúdóidh an próiseas catagóirithe ár gcuid foirgneamh, Halla na Cathrach san áireamh.

    Déanfar é seo a chur chun cinn ar fud cheantar na Comhairle i gcás tosaíochtaí fadtéarmacha ar nós carrchlós agus leithreas poiblí. Ina dhiaidh sin, amharcfaimid ar shaoráidí neamhthosaíochta i gceantair nach bhfuil an Ghaeilge in úsáid chomh forleathan iontu. Déanfar na saoráidí sin a mheas tráth a bheidh athchóiriú le déanamh orthu.

     Tuigeann an Chomhairle gur plean uaillmhianach é seo agus go dtógfaidh sé roinnt blianta comharthaíocht nuashonraithe a chur i bhfeidhm i saoráidí ar fud na cathrach. 

    Cad é atá i gceist le ‘tairiscint ghníomhach’ agus ‘cód cúirtéise’ sa dréachtpholasaí?

    Ciallaíonn ‘tairiscint ghníomhach’ go mbeidh aon duine a dhéanann teagmháil leis an Chomhairle le cur ar an eolas, ar a gcéad teagmháil linn, faoi na seirbhísí a ghealltar leis an pholasaí seo (ach é a bhailchríochnú), a gcumas comhfhreagras a dhéanamh linn i nGaeilge, agus foirmeacha agus doiciméid a bheith ar fáil i nGaeilge.

    Baineann ‘cód cúirtéise’ le hoiliúint a chuirfí ar fáil d’fhoireann na comhairle ar fad agus a bheadh le leanúint sa chás go ndéanfadh custaiméir teagmháil leo i nGaeilge.

    Chuirfeadh sé ar chumas na foirne go léir freagairt go tráthúil agus go cúirtéiseach do chustaiméirí agus a chinntiú go gcuirtear iad ar aghaidh chuig duine a bhfuil d’acmhainn acu tacú leo i nGaeilge, gan mhoill tharla gur roghnaigh siad cumarsáid i nGaeilge a dhéanamh.


    Cad é an costas a bheas air seo?

    Is dréachtpholasaí é seo i láthair na huaire, mar sin níl aon fhigiúirí againn maidir leis an chostas a bheas ar a chur i bhfeidhm. 

    Beidh an costas ag brath ar an dóigh a socróidh na baill tofa an polasaí a chur chun cinn.

    Nuair a bheidh an comhairliúchán dúnta, cuirfear gach aiseolas faoi bhráid na mball tofa a dhéanfaidh measúnú breise air. 

    Faoi na baill tofa a bheas sé comhaontú deiridh a dhéanamh faoin pholasaí Gaeilge. 

    Cad é atá an chomhairle a dhéanamh do na teangacha eile?

    Tá Straitéis Teanga againn ina bhfuil cúig mhír:

    • Gaeilge, 
    • Ultais,
    • Pobail nua, 
    • Teangacha comharthaíochta (Teanga Chomharthaíochta na Breataine agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann) agus 
    • Cumarsáid mhíchumais.  

    Beidh Plean Gníomhaíochta na Straitéise Teanga mar thaca chomh maith leis, ina leagtar amach cén dóigh a gcuirfear cuspóirí cúig mhír an Pholasaí Teanga i gcrích. Rinne na baill tofa comhaontú faoi sin i Mí Bealtaine 2024.

    Is é an dréachtpholasaí Gaeilge seo an chéad pholasaí atáimid a chur ar fail mar chuid dár Straitéis Teanga agus an Plean Gníomhaíochta. Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go ndéanfar tuilleadh polasaithe – a bhaineann leis na míreanna eile – a fhorbairt amach anseo.

    Cad é mar a dhéanfaidh an Chomhairle measúnú ar thionchar an dréachtpholasaí ar an phobal agus ar fhoireann Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste?

    Tá cinneadh déanta ag an Chomhairle dréacht-Mheasúnú Tionchair Comhionannais (EQIA) a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh teacht as an dréachtpholasaí seo agus a chinntiú go mbeidh próiseas críochnúil, córasach agus láidir bailithe fianaise ann.

    Tá sé seo ag teacht le Scéim Chomhionannais na Comhairle agus le treoir Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann maidir leis na saincheisteanna seo.

    Táimid ag déanamh go mbeidh cuid mhór fianaise ann a gcaithfear anailís a dhéanamh uirthi le bonn eolais a chur faoin phróiseas déanta polasaí agus le cuidiú linn tuiscint iomlán a fháil ar an tionchar féideartha ar gach ceann de ghrúpaí Alt 75.  
    Tá cuireadh tugtha d’fhoireann na Comhairle páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán agus tá comhairliúchán ar siúl leis na ceardchumainn trí chreat caidreamh tionsclaíochta na comhairle. Nuair a bheidh an comhairliúchán críochnaithe, déanfar aiseolas faoin dréachtpholasaí agus an dréacht-EQIA – le tuarascáil chinnidh deiridh – a chur faoi bhráid na mball tofa le haghaidh tuilleadh breithnithe.

    An amhlaidh go mbeadh lógó dátheangach na comhairle, mar atá molta sa dréachtpholasaí, le cur ar bhoscaí bruscair na sráide, ar éidí agus ar leoraithe bruscair?

    Mínítear in Alt 15 den dréachtpholasaí Gaeilge go nglacfadh an Chomhairle le féiniúlacht chorparáideach dhátheangach (Gaeilge agus Béarla) agus go mbeadh seo mar lógó caighdeánach corparáideach na comhairle ar fud na brandála corparáidí go léir. Áirítear le brandáil chorparáideach nithe ar nós páipéir ceannteidil, meirgí, boscaí bruscair sráide, éidí, leoraithe bruscair agus feithiclí eile na comhairle. Cuideoidh an comhairliúchán seo leis an Chomhairle féiniúlacht chorparáideach dhátheangach agus lógó a fhorbairt, le go dtig le baill tofa na Comhairle machnamh a dhéanamh air seo lá is faide anonn.

    Níl aon chinneadh déanta go fóill faoi aon cheann de na moltaí sa dréachtpholasaí.

    Is faoi na baill tofa a bheidh sé cinneadh a dhéanamh i leith mhionsonraí na moltaí seo – lena n-áirítear cad é an chuma a bheadh ar lógó nua dátheangach na comhairle agus cad é mar a chuirfí in úsáid é i réimsí áirithe na brandála.

    Tá sé mar aidhm ag an chomhairliúchán seo tuairimí a lorg faoi na moltaí atá sa dréachtpholasaí agus gach uile aiseolas a chur faoi bhráid na mball tofa, le go mbeidh siad ábalta é a mheas roimh an pholasaí a bhailchríochnú.
     

    Cad é mar a thig liom mo thuairim a chur in iúl don Chomhairle?

    Beidh fáilte roimh gach aiseolas uait sa chomhairliúchán seo – seo do sheans cead cainte a bheith agat.

    Beidh an suirbhé ar oscailt ón Déardaoin 22
     Lúnasa 09.00 go dtí meánoíche Déardaoin 28 Samhain.

    Tá an dréachtpholasaí Gaeilge, an dréacht-EQIA agus na ceisteanna suirbhé ar fáil ar líne ag yoursay.belfastcity.gov.uk

    Tig leat ríomhphost a chur chugainn ag consult@belfastcity.gov.uk nó scríobh chugainn ag Comhairliúchán an Dréacht-Pholasaí Gaeilge, Seirbhísí Dlí agus Cathartha, Halla na Cathrach, BT1 5GS chun cóip a iarraidh den chomhairliúchán, nó freagairt a dhéanamh air.

    Beidh na cáipéisí ar fad ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, agus is féidir freagairt a dhéanamh i gceachtar den dá theanga.

    Beimid ag reáchtáil imeachtaí eolais poiblí i Meán Fómhair agus i nDeireadh Fómhair (féach thíos). Foilseoimid na dátaí seo chomh maith ar yoursay.belfastcity.gov.uk agus ar na meáin shóisialta, áit a mbeidh deis clárú do na himeachtaí ar líne ar yoursay.belfastcity.gov.uk.

    Beidh fáilte roimh chách agus beidh seirbhísí ateangaireachta ar fáil le go mbeidh daoine in ann a gcuid a rá i mBéarla nó i nGaeilge.

     Sa chás gur mhaith leat na cáipéisí comhairliúcháin i dteanga eile, nó seirbhísí aistriúcháin eile a iarraidh, cuir ríomhphost le do thoil chuig 
    consult@belfastcity.gov.uk

    Imeachtaí comhairliúcháin

    Ionad 

    Dáta 

    Sonraí

    Clárú

    Coláiste Ollscoile Naomh Muire

    Déardaoin 5 Méan Fómhair 7.00in

    Cruinniú i mBéarla agus ateangaire i láthair

    Cláraigh anseo 

    Imeacht ar líne

    Dé Céadaoin 2 Deireadh Fómhair 2.00in

    Cruinniú i mBéarla agus ateangaire i láthair

    Cláraigh anseo

    Imeacht ar líne

    Dé Máirt 8 Deireadh Fómhair 7.00in

    Cruinniú i mBéarla agus ateangaire i láthair

    Cláraigh anseo 

    An Droichead, Bóthar Ormeau 

    Dé Céadaoin 9 Deireadh Fómhair 6.00pm

    Cruinniú i mBéarla agus ateangaire i láthair

    Cláraigh anseo 

    2 Ascaill Ríoga 

    Dé Céadaoin 30 Deireadh Fómhair 4.00in 

    Cruinniú i mBéarla agus ateangaire i láthair

    Cláraigh anseo