Fógra príobháideachais

    Is é Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an rialaitheoir sonraí faoin Rialachán Ginearálta Maidir le Cosaint Sonraí sa RA (RCGS RA) le haghaidh aon sonraí pearsanta a bhailítear sa suirbhé seo. Ní iarrtar ort aon sonraí pearsanta a chur ar fáil. Má roghnaíonn tú, áfach, sonraí pearsanta a chur ar fáil, coinneofar na sonraí pearsanta a thugann tú go comhthoiliúil ar bhealach atá slán sábháilte agus atá ag teacht le reachtaíocht um chosaint sonraí agus le clár coinneála agus diúscartha taifead na comhairle.

    Roinnfear tráchtanna scríofa agus torthaí comhiomlánaithe le sainchomhairleoirí a cheap an Chomhairle le cuidiú leis an athbhreithniú seo, mar chuid den anailís agus tuairisciú ar an suirbhé. D’fhéadfadh muid achoimre ar thorthaí (do thráchtanna féin ina measc sin) a chur i láthair an phobail, fosta. Ní roinnfear, áfach, aon sonraí ná eolas pearsanta gan do chead ach amháin sa chás ina mbeadh oibleagáid dhlíthiúil ar an Chomhairle leis sin a dhéanamh. Má tá tú ag freagairt ar son grúpa nó eagraíochta, iarrann muid ort ainm an ghrúpa nó ainm na heagraíochta a lua. Más ábhartha, iarrfaidh muid do chead le hainm d’eagraíochta agus do thráchtanna scríofa a nochtadh agus le tagairt a dhéanamh d’ainm d’eagraíochta san anailís agus sna tuairiscí aiseolais s’againn.

    Má tá ceist ar bith agat maidir le próiseáil do chuid sonraí pearsanta, cuir ríomhphost le do thoil chuig policy@belfastcity.gov.uk. Má mian leat teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle, scríobh le do thoil chuig: Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Halla na Cathrach, Béal Feirste BT1 5GS nó cuir ríomhphost chuig dataprotection@belfastcity.gov.uk