Skip to content
Photo of Belfast skyline

Dréacht-Pholasaí Gaeilge - comhairliúchán

Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i mbun comhairliúcháin ar dhréachtpholasaí Gaeilge.

Is féidir leat do thuairimí a nochtadh agus aiseolas a thabhairt dúinn tríd an suirbhé thíos a líonadh isteach. Ní gá duit síniú isteach ná clárú leis an ardán Your Say Belfast le páirt a ghlacadh. Más úsáideoir thú atá cláraithe cheana féin, ní mór duit síniú amach as do chuntas le go mbeidh do fhreagra gan ainm. Tabhair do d’aire, má tá tú sínithe isteach in Your Say Belfast, gur féidir do sheoladh ríomhphoist agus do shonraí cláraithe a nascadh leis an suirbhé

Fógra príobháideachais

0% answered

1.  

Moltar sa dréachtpholasaí Gaeilge go mbeidh duine a iarrfaidh seirbhís trí mheán na Gaeilge ón chomhairle i dteideal an caighdeán céanna seirbhíse a fháil a gheobhadh siad dá mba i mBéarla a d’iarrfadh siad an tseirbhís. Áirítear leis seo constaicí a bhaint maidir le húsáid na Gaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge

An aontaíonn nó an easaontaíonn tú leis an chur chuige seo?

2.  

Moltar sa dréachtpholasaí Gaeilge go gcruthóidh an chomhairle liosta dá cáipéisí agus dá foilseacháin bharrthábhachtacha straitéiseacha a chuirfear ar fáil go réamhghníomhach i nGaeilge.

An aontaíonn nó an easaontaíonn tú leis an mholadh seo?

3.  

Tá gealltanas sa dréachtpholasaí Gaeilge go bhfoilseoidh an chomhairle faisnéis go dátheangach (i nGaeilge agus i mBéarla ar aon), lena n-áirítear ábhar sna meáin shóisialta. 

 

An aontaíonn nó an easaontaíonn tú leis an mholadh seo?

4.  

Tá gealltanas sa dréachtpholasaí Gaeilge go ndéanfaidh an chomhairle forbairt agus cothabháil ar shuíomh gréasáin feidhmeach dátheangach (i nGaeilge agus i mBéarla ar aon).  

An aontaíonn nó an easaontaíonn tú leis na moltaí faoi shuíomh gréasáin dátheangach a chruthú?

6.  

Tá  gealltanas sa dréachtpholasaí Gaeilge go gcuirfidh an chomhairle ‘cód cúirtéise do theangacha dúchasacha’ ar fáil don fhoireann agus go mbeidh oiliúint faoi fheasacht chultúrtha ar fáil fosta. Ciallaíonn seo go bhfaigheadh baill den phobal a bheadh i dteagmháil leis an chomhairle treoir shoiléir, beag beann ar cé acu i nGaeilge nó i mBéarla a rinne siad an chéad teagmháil.

An aontaíonn nó an easaontaíonn tú leis na moltaí seo faoi fhoireann na Comhairle?

8.  

Mínítear in Alt 15 den dréachtpholasaí Gaeilge go nglacfadh an chomhairle le féiniúlacht chorparáideach dhátheangach (i nGaeilge agus i mBéarla ar aon) agus go mbeadh seo mar lógó corparáideach caighdeánach feasta ag an chomhairle, le húsáid ar fud na brandála corparáidí go léir.

Bheadh leagan den lógó i mBéarla amháin le fáil ach sin a iarraidh.

Dhéanfadh an chomhairle an scéala faoina lógó Gaeilge a bheith ar fáil a scaipeadh, chuirfeadh úsáid na sínithe corparáideacha dátheangacha (Gaeilge agus Béarla) chun cinn, agus leagan Gaeilge bhranda chathair Bhéal Feirste le húsáid ar fud a cuid comhfhreagrais agus cáipéisíochta go léir.

An aontaíonn nó an easaontaíonn tú leis na moltaí i dtaca le féiniúlacht chorparáideach agus lógó na comhairle?

10.  

Tá rannóg sa dréachtpholasaí Gaeilge a bhaineann le comharthaíocht ina bhfuil gealltanas go nglacfaidh an chomhairle le comharthaíocht dhátheangach (Gaeilge agus Béarla ar aon) ar fud a cuid saoráidí.

An aontaíonn nó an easaontaíonn tú leis na moltaí faoin chomharthaíocht sa dréachtpholasaí? 

11.  

Tá forbairt déanta ar phróiseas catagóirithe, mar atá breactha in Aguisín 2 den dréachtpholasaí Gaeilge, a chuireann síos ar an dóigh a ndéanfar leathadh de réir a chéile ar chomharthaíocht dhátheangach ar fud shaoráidí na comhairle, lena n-áirítear foirgnimh, páirceanna, feithiclí agus boscaí bruscair.


An aontaíonn nó an easaontaíonn tú leis an phróiseas catagóirithe seo?

12.  

Tá ráite sa dréachtpholasaí Gaeilge, chun críche an phróisis chatagóirithe, go gcuirfear síneadh leis an Cheathrú Ghaeltachta go mbeidh Bóthar an Ghleanna agus Bóthar Seoighe san áireamh inti.  

An aontaíonn nó an easaontaíonn tú leis an mholadh síneadh a chur leis an Cheathrú Ghaeltachta?